D'fhógair bord Stocbhróicéirí Davy, go bhfuiltear chun leanacht ar aghaidh le díol an chomhlachta sin.

Gearradh fíneáil throm ar Davy an tseachtain seo caite faoi bheith ag sárú rialacha an stocmhargaidh.

I ráiteas ó bhord Davy, dúirt sé gurb é a chinneadh anois dul chun cinn leis an díolachán agus go raibh comhlacht Rothchild ceaptha mar chomhairleoir airgeadais aige don phróiseas seo.

Tá fáilte curtha ag an Aire Airgeadais,Paschal Donohue roimh an gcinneadh seo ó Davy.

An tAire Airgeadais Paschal Donohue, ag fáiltiú roimh an gcinneadh

Tuigtear go mbeidh suim mhór sa gcomhlacht seo a cheannach, agus go bhfuil Banc na hÉireann luaite go láidir leis.