Gearradh príosún saoil ar fhear de bhunadh na Polainnne faoina mháthair a dhúnmharú os cionn dhá bhliain ó shin. 

Fuarthas corp dícheannaithe Elzbieta Piotrowska, 57 bliain d'aois, ina teach cónaithe i mBaile Átha Fhirdhia, Co Lú, ar an 8 Eanáir 2019. 

Fuarthas tua agus sceana taobh lena corp. 

Gabhadh a mac Tomasz Krzysztof Piotrowski, 35 bliain, cúpla uair an chloig tar éis an dúnmharaithe agus cinneadh nach bhféadfaí é a chur ar a thriail ar chúinsí meabhairshláinte. 

Deimhníodh ina dhiaidh sin, áfach, gur inis sé bréaga do shíciatraithe sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar le súil is nach ngearrfaí téarma an-dian príosúin air.

Dúradh sa chúirt go raibh siabhrán smaointeoireachta ar Tomasz Krzysztof Piotrowski agus go raibh baint ag mí-úsáid drugaí leis seo.