Ghabh Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins buíochas le mná na hÉireann agus na cruinne araon as a gcuid gaiscí agus misnigh le linn na paindéime Covid-19 mar chuid dá theachtaireacht speisialta i gcomhair Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Nuair nach bhfuil lorg ban ar aon ghné den tsochaí, a dúirt sé, is measaide sinn ar fad é. 

Thug an tUachtarán le fios gur lá é seo le breathnú ar an méid atá bainte amach agus ar na dúshláin atá romhainn.

Dúirt sé nach anuas as an spéir a tháinig na gaiscí atá déanta ag daoine go dtí seo le comhionannas a bhaint amach. Misneach i gcaitheamh na nglún a bhí ag teastáil, a dúirt, agus misneach atá fós ag teastáil leis an obair sin a chur i gcrích. 

Ní furasta beart a chur ina shuí agus cur in aghaidh na tíoránachta atharthaíche, a mhaígh sé.

Táimid go mór faoi chomaoin ag na daoine a throideann ar son an dreama atá brúite chun an imill nó faoi chois agus ag na daoine a théann i bpáirt leo d'fhonn comhionannas a bhaint amach, arsa an tUachtarán.