D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil naonúr eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 522 cás nua ann.

Dúirt an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí gur tharla ceithre cinn de na básanna an mhí seo, trí cinn i mí Feabhra agus ceann amháin i mí Eanáir.

Fágann sé seo go bhfuil 4,405 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 222,169 duine san iomlán ó thús na paindéime. 

Tá 102 othar leis an víreas in aonaid dianchúraim.