Tá cosc rásaíochta bliana curtha ar an traenálaí capall, Gordon Elliott, agus tá sé mhí den chosc sin curtha ar fionraí. Chomh maith leis sin, beidh ar chostais de €15,000 a íoc. 

Pléadh a chás inniu ag éisteacht de chuid an Bhoird Rialaithe um Rásaíocht Capall. 

Scaipeadh íomhá de Gordon Elliott an tseachtain seo caite agus é ina shuí ar chapall ar chapall a bhí marbh. D'admhaigh sé nach bréagíomhá a bhí ann. 

Fágann an cosc a cuireadh air inniu nach mbeidh cead aige páirt a ghlacadh i Cheltenham na bliana seo.