Tá fiosrúchán curtha ar bun ag na Gardaí maidir le bás fir i Lusca i gContae Bhaile Átha Cliath. 

Aimsíodh corp an fhir - a bhí sna caogaidí agus gurbh as an bPolainn ó dhúchas dó - i seomra coladtha i dtigh gar go Bhaile an Bhealaigh ar an mbaile Dé Céadaoin. 

Rinneadh scrúdú iarbháis ar a chorp agus tá an tigh inar aimsíodh é caomhnaithe ag na Gardaí agus scrúdaithe teicniúla á ndéanamh air. 

Níl torthaí an scrúdaithe iarbháis scaoilte ag na Gardaí ar chúiseanna oibríochtúla.

Chonacthas an fear ina bheatha don uair dheireanach oíche Dé Luain agus deir na Gardaí nach léir dóibh na cúinsí ina bhfuair sé bás. 

Tá na Gardaí i mBaile Brigín ag labhairt le finnéithe agus tá siad ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh leo ag an stáisiún ansin.