Tá sé ráite ag an rialtas go bhfuil sé mar aidhm acu 84,166 dáileog den vacsaín a thabhairt don phobal an tseachtain seo chugainn. 

Ag seisiún eolais ar maidin sa Roinn Sláinte, dúradh leis an gcomhaireacht go mbeadh na daoine seo a leanas ag fáil na ndáileog sin:

- 11,500 duine in ionaid chúram cónaithe

- 25,666 oibrí sláinte ar an líne tosaigh

- 37,000 duine os cionn 70 bliain d'aois

- 10,000 duine a bhfuil bunfhadhbanna sláinte acu. 

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dochtúir Colm Henry, inniu go bhfuil leathmhilliún dáileog tugtha do dhaoine go dtí seo. Bhí sé mar aidhm go bhfaigheadh 100,000 duine  dáileog an tseachtain seo, ach 82,000 a tugadh.

Níos luaithe inniu, dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Ronan Glynn, gur léiriú é an titim ollmhór ar chásanna ar na hiarrachtaí atá déanta ag an bpobal. 6,500 cás sa lá a bhí ann naoi seachtaine ó shin. Agus faoi láthair, tá thart ar 600 cás in aghaidh an lae á dtuairisciú. 

Dúirt Príomhoifigeach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, go bhfuil titim tagtha arís ar líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim. Dúirt sé go bhfuil brú gan stad ar na hospidéil agus ar an bpobal i gcoitinne, ach i ndeireadh na dála, a dúirt sé, gheobhfar an lámh in uachtar ar an víreas dá bharr.