Tá sé ráite ag Stiúrthóir an Chláir Náisiúnta ar Shláinte na mBan agus na Naíonán de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nár chóir do mhná atá ag súil le leanbh a bheith róbhuartha mar is údar sóláis í an fhianaise idirnáisiúnta atá ar fáil maidir le Covid 19 le linn toirchis. 

Dúirt an Dochtúir Peter McKenna gur cúis imní go mhná atá ag súil le leanbh iad na réamhthuairiscí a tháinig chun cinn inné faoin nasc a d'fhéadfadh a bheith ann idir ceithre mharbh-bhreith a tharla go dtí seo i mbliana agus fadhb shláinte a bhaineann le Covid 19 a bheith ar an bplacaint. 

Ach, a dúirt sé, léiríonn an fhianaise idirnáisiúnta atá ar fáil ar an ábhar seo nach bhfuil aon ardú tagtha ar líon na marbh-bhreitheanna ó thosaigh an phaindéim. 

É sin ráite, dúirt sé gur chóir go mhná atá ag súil le leanbh a bheith ana-chúramach agus gur chóir don lucht leighis a bheith ar a n-airdeall futhú freisin. 

Tá fainic curtha ar mhná atá ag súil agus a raibh Covid 19 orthu dul go dtí an t-ospidéal chun scrúdú sláinte a fháil ar an leanbh sa gcás go bhfuil siad imníoch faoi agus gur mhaith leo a bheith curtha ar a suaimhneas.