Tá sé ráite ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil siad fós ag fanacht ar chruthúnas ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go bhfuil an Banphrionsa Latifa Al Maktoum ina beatha.
Lorg siad an t-eolas maidir le hiníon cheannaire Dubai coicís ó shin.
I gclár faisnéise de chuid na sraithe Panorama a craoladh ar an BBC, léiríodh teachtaireachtaí físe ina ndearna an banphrionsa cur síos ar a braighdeanas baile.
Theith sí ó Dubai i bhFeabhra 2018, ach tuigtear gur tugadh ar ais arís í in aghaidh a tola an mhí dár gcionn agus go bhfuil sí faoi choinneáil anois ag a hathair, an Síc Mohammed bin Rashid Al-Maktoum.
In agallamh amháin ar an gclár, dúirt Máire Mhic Róibín - iarUachtarán na hÉireann - gur imríodh cleas uirthi nuair a foilsíodh grianghraf di féin i dteannta an Bhanphrionsa Latifa agus gur chóir an scéal a fhiosrú.
Chuaigh Máire Mhic Róibín go Dubai ar iarratas ó leasmháthair an bhanphrionsa i 2018 chun leas Latifa a chinntiú. Ach deir sí anois go dtuigeann sí gur cuireadh dallamullóg uirthi nuair a tugadh le fios di go raibh fadhbanna meabharshláinte ag an mbanphrionsa.