Tá cur chuige "ana-throdach" glactha ag an Aontas Eorpach i dtaobh na ndeacrachtaí a bhaineann le Prótocal Thuaisceart Éireann, dar le ceannaire an DUP, Arlene Foster.

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann go raibh "gá le géilleadh" ar an gceist seo.

Thug sí le fios nach bhfuil aon ionadh uirthi go bhfuil bagairt déanta ag an Aontas Eorpach tús a chur le himeachtaí cúirte i bhfianaise chinneadh Rialtas na Breataine maidir leis an tslí go gcuirfear an prótocal i bhfeidhm. 

Maíonn sí go léiríonn seasamh an Aontais Eorpaigh go bhfuil siad níos buartha faoin mbloc trádála a chosaint, ná mar atá siad faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh. 

"Ní spéis leo Comhaontú Bhéal Feirste a chosaint, mar a mhaíonn siad", a dúirt sí leis an BBC. "Dá mbeadh spéis acu ann, ní bhéidís ag bagairt imeachtaí dlí mar atá siad."

Ar an gCéadaoin, scríobh an Coimisiún Eorpach litir chuig Rialtas na Breataine le cur in iúl dóibh go raibh Prótacal Thuaisceart Éireann á shárú acu agus go bhféadfaidís an dlí idirnáisiúnta a shárú don dara babhta.

Tá sé socraithe ag Rialtas na Breataine nach gcuirfear rialacha Phrótacal Thuaisceart Éireann i dtaobh beatha a iompórtáil i bhfeidhm go ceann sé mhí eile.

Tá Aontachtóirí mí-shásta leis an bPrótacal, a tugadh isteach le teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint agus a chruthaigh teorainn - ina háit -  i Muir na hÉireann.

Déantar seiceálacha ar earraí ag teacht ón mBreatain go dtí Tuaisceart Éireann mar gheall go bhfuil an Tuaisceart faoi mhargadh custaim an Aontais Eorpaigh.