Mar chuid d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia, tá tionscadal píolótach curtha ar bun ag Conradh na Gaeilge chun feasacht na teanga a mhéadú i measc daoine ó thíortha eile atá i ndiaidh bogadh anseo.

Tá grúpaí pobail ó na ceithre cúige páirteach sa tionscadal píolótach atá á eagrú le maoiniú ón Roinn Dlí agus Cirt agus an Roinn Pobail ó thuaidh.

"Tá teaghlaigh Shiriacha, idir óg agus sean, ag baint an-sult as ag foghlaim faoin Ghaeilge agus cultúr na hÉireann," a dúirt Hafi Saad, áisitheoir leis an phobal Siriach i nDún Pádraig.

Tá trí cheardlann á reáchtáil le gach grúpa atá páirteach; ceardlann feasachta faoin Ghaeilge, ceardlann faoin ilteangachas agus ceardlann damhsa ar an sean-nós.

Cuidíonn an eagraíocht Mother Tongues le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí i dteangacha ó fud fad an domhain agus trí Ghaeilge in Éirinn.

Theagasc stiúrthóir na heagraíochta, an Dr. Francesca la Morgia ceardlann faoin ilteangachas mar chuid den thionscadal.

"Tá an-áthas orainn a bheith páirteach sa cheiliúradh ar an nGaeilge do Lá na bPobal nua. Tá an dátheangachas mar leas do theaghlaigh agus cabhraíonn teangacha dúchais na dteaghlach le forbairt na bpáistí," a dúirt Stiúrthóir Mother Tongues.

Deir Seán Ó Murchadha ó Chonradh na Gaeilge go bhfuil ról tábhachtach ag an teanga ag cabhrú le pobail nua a bheith mar chuid de shochaí na hÉireann.

"Tá na ceardlanna seo mar chuid den phróiseas sin," a dúirt sé.