Tá iondaithe poiblí i gCathair Chorcaigh ag impí ar dhaoine fanacht sa bhaile agus gan a dhul i mbun léirsithe in aghaidh shrianta Covid-19 Dé Sathairn. 

Deir urlabhraí thar ceann lucht eagraithe na hagóide, go bhfuiltear ag dul ar aghaidh leis an ócáid in anneoin an méid a tharla i mBaile Átha Cliath ar an deireadh seachtaine.  Ní ghlacfar le aon iompar frithshóisialta ag an slógadh a deir an t-urlabhraí Diarmaid Ó Cadhla.

Tá lucht eagraithe na h-agóide ag rá go bhfuil sé i gceist acu leanúint ar aghaidh le slógadh in aghaidh na dianghlasála ar Shráid Phádraig i gCathair Chorcaí an Satharn seo.

Tar éis an fhoréigean a bhí ar shráideanna Bhaile Átha Cliath an Satharn seo caite, deir sé nách nglacfar le h-aon iompar frithshoisialta ag an ocáid.

Tá roinnt iondaithe poiblí ag impí ar an bpobal gan freastal ar an slógadh agus fanacht sa bhaile.

I ráiteas, dúirt na Gardaí go bhfuil roinnt srianta i bhfeidhim maidir le sláinte poiblí faoi láthair agus go mbeidh siad ag fiosrú aon sárú orthu sin.