D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 25 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 566 cás nua ann. 

Fágann sé seo go bhfuil 4,357 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 221,189 duine san iomlán ó thús na paindéime. 

Tá 489 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 114 díobh in aonaid dianchúraim.