Tá sé socraí ag Rialtas na Breataine dá dheoin fhéin, nach bhfuil rialacha Phrótacal Thuaisceart Éireann, i dtaobh beatha a iompórtáil ansin, le cur i bhfeidhm go ceann sé mhí eile.  Tá Aontachtóírí thar a bheith mí-shásta leis an bProtocál, a tugadh isteach le teorainn chrua ar an oileán a sheachaint ach a chruthaigh ceann i Muir Éireann ina háit. 

Tá an protocál ag cothú go leor conspóide i gceantracha aontachtacha a tháinig sé i bhfeidhm ag tús na bliana. Dochar do sheasmhacht na n-instituidí polaitiúla anseo agus bac ar thrádáil idir Shasain agus tuaisceart Éireann a dúirt feisire an DUP Jeffrey Donaldson i Westminster inniu.  

Jeffrey Donaldson, DUP


Thug Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis le fios go dtógfar céimeanna oibriúcháin sealadacha mar aon le síniú a chuir leis an tréimhse trócaire. D'aontaigh an Ríocht Aontaithe tréimhsí trócaire chu deis a thabhairt do ghnónna theacht i dtír ar na rialacha úr custaim agus caighdeáin earraí.

Statrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis


Bhí an chéad thréimhse trócaire do sholáthar earraí chuig ollmhargaidh anseo ón Bhreatain le theacht chun críche ag tús na míosa s'ugainn ach deir Rialtas na Breataine go bhfuil comhráití sa tsiúl leis an Aontas Eorpach faoi seo uilig mar go bhfuil tuilleadh ama de dhíth.  

Ón chéad lá de mhí Eanáir tá seiceálacha a ndéanamh ar earraí ag teacht ón Bhreatain anseo mar go bhfuil Tuaisceart Éireann go foill i margadh custaim an Aontais Eorpaigh.  

Chuir an DUP in iúl do rialtas na Breataine inniu fosta go bhfuil moill ar bheartáin ag teacht anseo ón Bhreatain, rud a dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt a dhíreoidh sé air níos moille an tseachtain seo.  

Níl Rialtas na Breataine ag brath ar thacaíocht an DUP níos mó agus ba léir nár shásaigh a bhfógra inniu an páirtí agus Sammy Wilson ag rá