D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 14 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 359 cás nua ann. 

Fágann sé seo go bhfuil 4,333 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 220,630 duine san iomlán ó thús na paindéime. 

Tá 498 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 116 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 159 de na 359 cás nua, tá 25 cás san IarMhí, 21 i gCo Lú, 21 i nGaillimh, 19 agus tá an 114 cás eile roinnte idir 19 contae eile. 

Fógraíodh níos túisce inniu go bhfuil beirt eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 149 cás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 2,059 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 112,780 duine ó thús na géarchéime.

Tá 289 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt, 34 acu in aonaid dianchúraim.