Tá smachtbhannaí gearrtha ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ar sheachtar feidhmeannach sinsearach de chuid na Rúise.

Tá údaráis Mheiriceá den tuairim go raibh Rialtas na Rúise freagrach as an nimhiú a rinneadh ar cheannaire a bhfreasúra, Alexei Navalny.

Tá éileamh déanta ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ag an Aontas Eorpach ar an Rúis go scaoilfí saor Nalvanny ón phríosún.

An mhí seo seo caite, gearradh téarma príosúnachta 2 bhliain agus 8 mí ar Alexei Navalny.

Ciontaíodh cheannaire an fhreasúra sa Rúis faoi bheith ag sárú coinníollacha paróil ag dul siar chomh fada le 2014.

Tá caimiléireacht agus cúbláil airgid curtha i leith Uachtarán na Rúise ag Navalny, agus dúirt sé go raibh aidhm pholaitiúil le cinneadh na cúirte inniu.

I nglór toirniúil inniu dúírt Navalny nach mba beo é Vladimir Putin, sa pholaitíocht mura raibh sé ag marú daoine.

I mí Lúnasa seo caite sa Ghearmáin rinneadh iarracht Navalny a dhúnmharú leis an nimh Novichok.

Shéan na Rúisigh aon bhaint a bheith acu leis an iarracht seo.

An mhí seo caite chuaigh Navalny ar ais chun na Rúise, gabhadh é agus cuireadh ar a thriail é.

Is iomaí sin léirsiú a chonacthas sa Rúis ó shin i gcoinne a ghabhála.

Tuigtear anois go leanfar leo seo, agus go dtiocfaidh an tír faoi bhrú mór idirnáisiúnta freisin é a scaoileadh amach.