Gabhadh fear sna 30aidí maidir le honsaí inar caitheadh tine ealaíne ar Gharda ag agóid i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.

Ghabh Gardaí an fear ar maidin. Tá sé faoi choinneáil faoi Alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit. Is féidir é a cheistiú ar feadh trí lá.

Scáipeadh físeáin den eachtra a tharla Dé Sathairn go fairsing ar na meáin shóisialta.

Cuardaíodh teach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath inné mar chuid d'imscrúdú coiriúil agus tógadh roinnt earraí ón teach, tinte ealaíne ina measc.