Tá líon na n-othar le Covid-19 in ospidéil faoi bhun 500 duine den chéad uair i mbliana, dar le figiúirí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Deimhníodh aréir go raibh 494 othar leis an víreas san ospidéal.

Ag an tráth ba mheasa den tríú maidhm, bhí 2,020 cás den víreas in ospidéil ar an 18 Eanáir.  

Ba é seo an líon ab airde in ospidéil le linn aon cheann de thrí mhaidhmeanna an víris sa stáit.  

Bhí 881 othar sna hospidéil ag buaic na chéad mhaidhme ar 18 Aibreáin.  

Bhí 354 othar sna hospidéil nuair a bhí an dara maidhm ina bhuaic ar 24 Deireadh Fómhair.  

Aréir, bhí 115 othar le Covid-19 in aonaid dianchúraim.  

Ní dheachaigh aon othar nua leis an víreas isteach in aonaid dianchúraim le 24 uair a chloig anuas.  

Bhí 221 othar in aonaid dianchúram nuair a bhí an tríú mhaidm ina bhuaic.

Tá 4,319 duine básaithe de bharr Covid-19 ó thosaigh an phaindéim i dtráth an ama seo anuraidh. Tá 220,273 cás den víreas deimhnithe sa tír san achar céanna ama.  

Tráthnóna inné, tugadh le fios gur cailleadh duine eile de bharr Covid-19. Fógraíodh 687 cás nua den víreas sa stáit le 24 uaire an chloig anuas.