Reachtálfar Craobhacha Lúthchleasaíochta na hEorpa sa Phólainn an tseachtain seo chugainn. I measc na lúthchleasaithe a bheidh ag glacadh páirte ann beidh Síofra Cléirigh Búttner. Tá bean óg Bhleá Cliath, atá ag cur futhú i mBoston, ag tnúth go mór leis an dúshlán. 

Tá seachtain thar a bheith gnóthach curtha di aici ag Síofra Cléirigh Buttner na hÉireann, ó sháraigh sí an curiarracht náisiúnta sa rás 800 méadar, agus í ag críochnú sa dara hÁit i Fayetteville in Arkansas Mheiriceá, in am 2:00:58 - an ceathrú am is sciopthaí a rith lúthchleasaí Eorpach i mbliana.

Ní fhéadfadh ullmhúchán níos fearr a bheith ag bean óg Bhleá Cliath atá lonnaithe go buan i mBoston faoi láthair, agus í ar fhoireann na hÉireann, a bhéas san iomaíocht ag Craobhach na hEorpa an deireadh seachtaine seo chugainn. 

Tá blianta fada caite ag Síofra ag rith ar son na hÉireann san 800m agus sa 1,500, ag craobhacha Eorpacha agus domhanda sóisir agus faoi aois.  

Rith sí leis ag na craobhach domhanda i 2017 i Londain, áit nár éirigh ró-iontach léi, ach sheas an taithí go mór leí deir sí, agus tar éis di ceithre bliana ollscolaíochta a chur di féin ar scoláireacht lúthchleasaíochta in Ollscoil Villinova i Phillidelphia, tá sí anois ag treisiú, ag forbairt is ag bláthú ina ceird faoi threoir a traenálaí Mark Coogan, le foireann ghairmiúl New Balance i mBoston.

Tá sí réidh anois, a deir sí, a marc a fhágáil ar an stáitse mór.