Cailleadh duine eile de bharr Covid-19 agus fógraíodh 687 cás nua den víreas sa stáit le 24 uaire an chloig anuas.

D'fhógair an Roinn Sláinte go bhfuil 120 othar ag fáil cóir leighis in aonaid dianchúraim na tíre - laghdú 13 ón lá inné. 

Tá 4,319 duine básaithe de bharr Covid-19 ó thosnaigh an phaindéim tráth an ama seo anuraidh. Tá 220,273 cás den víreas deimhnithe sa tír san achar céanna ama.