Ciontaíodh iar-Uachtarán na Fraince, Nicolas Sarkozy i gcúirt i bPáras na Fraince, i gcaimiléireacht agus gearradh téarma príosúin 3 bliana air as iarracht a dhéanamh dul i gcionn ar bhreitheamh le linn a thréimhse in oifig an Uachtaráin.

Toisc gur cuireadh dhá bhliain den phianbhreith ar fionraí, tuigtear gur beag an bhaol go gcuirfear Sarkozy i bpriosún in aon chor. Tuigtear freisin go bhfuil se amhail's cinnte go ndéanfaidh sé achomharc ar an bpianbhreith. 

Ceaptar go gcuirfidh an phianbhreith seo stop le haon iarrachtaí a bhí ar intinn ag an iar-Uachtarán filleadh ar an bpolaitíocht náisiúnta ainneoin go bhfuil go leor tacaíochta fós ag Sarkozy, a chaith 5 bliana ina Uachtarán ó 2007 go 2012. 

Se Sarkozy an dara iar-Uachtarán le bheith tugtha os comnhair na cúirte ar cuiseanna caimiléireachta - déanadh amhlaidh lena mheantóir Jacques Chirac sa bhliain 2011 ach toisc go raibh droch-shláinte air ag an am, níorbh éigean dó freastal ar an gcúirt. 

Cionntaíodh Chirac freisin - as postanna bréige a chruthú i Halla na Cathrach, Páras d'fhonn maoin a mhealladh dá thréimhse mar Mhéara. Gearradh pianbhreith dhá bhliain, ar fionraí air. 

I gcás Sarkozy, cuireadh ina leith gur thriail sé breitheamh a mhealladh le post sinsireach i Monaco ach fiosrúchán faoi mhaoiniú feachtais polaitíochta Sarkozy a chur ó mhaith. 

Shéan Sarkozy gur sháraigh sé an dlí i ngach cúis a cuireadh ina leith.