Is iomaí forbairt atá tagtha ar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le blianta beaga anuas. Féile iomlán idirnáisiúnta í le fada anois agus ar shlí, d'fhéadfadh Conradh na Gaeilge a mhaíomh go bhfuil siad chun cinn le h-ócáid fhíorúil mar seo a reachtáil.
Mar bharr ar sin, is féile choicíse í Seachtain na Gaeilge le roinnt mhaith blianta - léiriú ar an bhfás agus ar an éileamh atá ar an nGaeilge i gcian agus i gcóngar.
Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge le Energia 2021. Imeacht fíorúil a bheas á chraoladh ar leathanach Facebook na féile, @SnaGaeilge, trathnóna ag 20:00. I ndiaidh caint an Uachtaráin, cuirfidh Niamh Ní Chróinín ambasadóirí na féile, Imelda May, Declan Hannon agus Bláthnaid Treacy faoi agallamh.
Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann:
"Is ábhar cheiliúradh í an Ghaeilge mar chuid lárnach dár n-oidhreacht. Is féile í Seachtain na Gaeilge don phobal i gcoitinne, idir nuachainteoirí, chainteoirí líofa, agus iadsan go léir nach féidir a rangú go néata sna catagóirí seo. Táimid go léir ar ócáidí mar seo ag ceiliúradh teanga atá cothaithe againn mar phobal in ainneoin brú an t-impearachas deacrachtaí agus dúshláin na staire."
Imelda May, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2021
Dúirt Imelda May, Ambasadóir na féile:
"Do Sheachtain na Gaeilge le Energia ba mhaith liom a bheith i m'ambasadóir do dhaoine cosúil liom féin, iad siúd a raibh deacracht acu leis an nGaeilge san am atá caite ach a bhfuil an-spéis go deo acu tuilleadh a fhoghlaim faoin teanga. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do dhaoine teacht liom ar m’aistear leis an teanga, tógáil ar an muinín atá acu agus úsáid a bhaint as cibé Gaeilge atá acu gan a bheith buartha faoi bhotúin a dhéanamh."
Declan hannon, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2021
Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:
"Táimid an-bhuíoch don Uachtarán as ucht Seachtain na Gaeilge le Energia 2021 a sheoladh. Is mór againn a thacaíocht don fhéile agus do na grúpaí pobal fud fad na tíre agus ar fud an domhain a bheas ag eagrú imeachtaí le linn na féile. In ainneoin srianta Covid táimid ag súil le féile don chéad scoth a bheith ann i mbliana."
Bláthnaid Treacy, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2021