Tá 29 duine eile tar éis bháis le Covid-19 agus tá 776 cás nua den víreas deimhnithe sa Stát.

Bhásaigh 17 an mhí seo agus 12 i Mí Eanáir.

Bhí na daoine a bhásaigh idir 29 agus 95 bliain d'aois.

4,300 duine ar fad atá tar éis bháis sa Stát anois de bharr an ghalair agus 218,251 cás den aicíd a bhí ann go dtí seo.

I measc an 776 cás nua inniu, baineann 67% do na cásanna sin le daoine faoi bhun 45 bliain d'aois

Tá 278 cás nua i mBaile Átha Cliath, 69 cás nua i nGaillimh, 57 cás nua i gcontae na Mí, 52 cás nua i gCill Dara, 48 cás nua i nDún na nGall agus bhí an chuid eile den 272 cas scaipithe ar fud an Stáit.