Cuireadh clabhsúr inniu leis an 25ú séasúr scannánaíochta de Ros na Rún, sobaldhráma teilifíse TG4, a bhíonn á thaifeadadh ar an Spidéal i gConamara.

Bhí dúshláin go leor ag baint leis an seasúr seo de bharr srianta Covid -19 ach in aineoinn sin d'éirigh leis an bhfoireann léiriúcháin 82 clár a thaifead thar 24 seachtain.



Ceapadh oifigí Covid do Ros na Rún agus cuireadh trealamh nua isteach lena chinntiú go raibh treoirlínte sláinte á leanúint os comhair agus taobh thiar de na ceamaraí.


 

Tháinig roinnt aisteoirí i Ros na Rún aníos le bealach chun go mbeadh se sábhailte obair gar dá cheile sa sobaldráma. 82 clár do Ros na Rún atá taifeadta an séasúr seo ina raibh thart ar 160 duine páirteach ann.