Jack an t-ainm is coitianta a tugadh ar bhuachaillí a rugadh i 2020, an áit sin bainte amach ag an ainm gach aon bhliain seachas aon bhliain amháin ó 2007.
Grace an t-ainm is coitianta a tugadh ar chailíní.
Jack, James, Noah, Daniel agus Conor an chúig ainm is coitianta do bhuachaillí agus bhí Grace, Emily, Fiadh, Sophie agus Ava i measc na n-ainmneacha is coitianta do chailíní i 2020.
Bhí Liam agus Fiadh ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge is coitianta de réir an eolais atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.