Tá 317 cailín scoile fuadaithe ag fir ghunna ó scoil chónaithe i Stát Zamfara in iarthuaisceart na Nigéire.

Tuairiscítear gur fuadaíodh breis is 300 cailín scoile óna gcuid seomraí. Ní léir fós cé a thug faoin ionsaí. 

Tharla an eachtra luath maidin Dé hAoine agus seo an tarna eachtra mar seo le breis is seachtain anuas. 

Tá 42 duine, 27 mac léinn san áireamh a fuadaíodh an tseachtain seo caite i Kagara- Stát beal dórais fós le scaoileadh saor.

Níl aon ghrúpa tar éis freagracht a ghlacadh as an eachtra is déanaí seo. 

Deir na poilíní go bhfuil saighdiúirí curtha go Jangebe chun dul i mbun cuardaigh do na cailíní. 

Dúirt Unicef go raibh fearg agus brón orthu faoin bhfuadach is déanaí seo sa Nigéir agus deir siad gur sárú cearta daonna páistí atá ann.