Tá a chéad instealladh vascaíne faighte ag breis is leathmhilliún duine i dTuaisceart Éireann anois. 

Deir Roinn Sláinte an Tuaiscirt go bhfuil an chéad instealladh faighte ag 505,188 duine sa Tuaisceart.

As na daoine sin tá an dara instealladh faigthe ag 31,898 duine. 

Idir an dá linn, Tá súil ag dochtúirí teaghlaigh i dTuaisceart Éireann go mbeidh vacsaín faighte ag gach duine atá os cionn 50 bliain d'aois roimh dheireadh mhí Aibreáin.

Dúirt cathaoirleach Choiste Dhochtúirí Teaghlaigh Chomhairle Leighis na Breataine i dTuaisceart Éireann go gcreideann sé go mbeidh vacsaín faigthe ag gach duine os cionn 50 bliain d'aois roimh dheireadh mhí Aibreáin agus dúirt sé go bhfuil ag éirí go hiontach le clár vacsaínithe an Tuaiscirt go dtí seo.