Gearradh téarma príosúin 16 bliain ar fhear, 59 bliain d'aois as Tiobraid Árann as leanbh óg 6 mhí d'aois a éigniú. 

Rinne an fear, athair chúigear clainne taifead ar fhéin agus an t-ionsaí á dhéanamh aige. 

Neacht a pháirtí a bhí sa leanbh a ionsaíodh agus dúradh sa chúirt go rinne sé ionsaí foréigneach agus maslach ar an leanbh óg.  

Rinne an fear atá i gceist taifead ar cheathrar cailíní eile nuair a bhí siad ag úsáid an leithris. 

Tharla na heachtraí le linn tréimhse ama 7 mí suas go dtí Mí Lúnasa 2019.

Ní féidir an fear a ainmniú chun na híospartaigh a chosaint.