Deir na Gardaí nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile maidir leis an bhfiosrúchán atá ar bun acu faoi bhás triúr deartháireacha cóngarach do bhaile Mhistéala i dTuaisceart Chorcaí. 

Tá na deartháireacha ainmnithe go háitiúil. B'in iad Johnny Hennessy a bhí 59 bliain d'aois, Paddy Hennessy a bhí 60 bliain d'aois agus Willie Hennessy a bhí 66 bliain d'aois. 

Beirt fhear singil a bhí i Johnny agus Willie Hennessy agus mhair siad ar an bhfeirm teaghlaigh. Bhí an deartháir eile Paddy scartha óna bhean agus bhí sé ina chónaí i mbaile Mhistéala.

Chuir na Gardaí tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a tháinig siad ar choirp bheirt deartháireacha ar an bhfeirm atá lonnaithe i gCnocán Aoibhinn timpeall ar 10km ó Bhaile Mhistéala. 

Thart ar mheán lae inniu aimsíodh corp deartháir eile san abhainn timpeall 5km ón dteach feirme. 

Cuireadh na Gardaí ar an eolas faoin eachtra aréir nuair a bhí imní ar dhuine muinteartha nuair nach raibh duine eile ón dteaghlach i ndiaidh filleadh abhaile.

Tháinig na Gardaí ar chorp amháin sa chlós feirme agus go gairid ina dhiaidh sin fritheadh corp eile i mbothán feirme in aice láimhe.

Tá na Gardaí tar éis teacht ar veain dearg den déanamh Toyota Corolla a bhí á lorg acu níos luaithe.

Tuigtear go ndéanfar scrúdaithe iar-bháis ar choirp na bhfear amárach.