Tá an t-athraitheach ar an gcoróinvíreas a tugadh faoi deara i dtosach san Afraic Theas faighte sa Tuaisceart, a dúirt Aire Sláinte Stormont Robin Swann.

Dhearbhaigh Robin Swann gur trí chás den athraitheach atá faighte sa Tuasiceart go dtí seo. 

Dúirt sé go ndearnadh mionmheasúnú riosca agus rianú teagmhálaithe, agus go bhfuil saineolaithe leighis den bharúil nach bhfuil ach baol beag ann faoi láthair go scaipfidh an t-athraitheach go forleathan. 

Thug Robin Swann le fios gur léir go gcaithfeadh an t-athraitheach teacht chomh fada le hÉirinn luath nó mall.

Ní hin le rá, ar sé, go mbeidh athraitheach na hAfraice Theas ar an gceann is coitianta sa Tuaisceart san am atá le teacht. 

Mar sin féin, a dúirt sé, léiríonn sé arís eile an tábhacht a bhaineann le bheith faichilleach ar Covid-19.