D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 45 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 575 cás nua ann. 

Fágann sé seo go bhfuil 4,181 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 216,300 duine san iomlán ó thús na paindéime. 

Tá 693 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 150 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 218 de na 575 cás nua, tá 38 cás i nGaillimh, 35 i Lú, 27 i Luimneach, 26 san Iarmhí agus tá an 231 cás eile roinnte idir na contaetha eile. 

Fógraíodh níos túisce inniu go bhfuil cúigear eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 225 cás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 2,041 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 111,391 duine ó thús na géarchéime.

Tá 340 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt, 134 acu in aonaid dianchúraim.