Tá an líon othar Covid-19 in ospidéil na tíre ardaithe beagán i bhfarradh is mar a bhí aréir, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

690 othar Covid-19 atá sna hospidéil faoi láthair, i gcomórtas le 676 aréir. Tá 156 díobh in aonaid dianchúraim.

Is in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath atá 83 de na hothair Covid-19, sin an líon is mó in aon ospidéal sa tír.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, bhí an chéad instealladh den vacsaín in aghaidh Covid-19 faighte ag 219,899 duine suas go dtí Dé Sathairn seo caite agus bhí an dara hinstealladh faigthe ag 130,423 duine.

Vacsaín lucht Pfizer-BioNTech a bhí i 311,741 de na hinstealltaí, vacsaín AstraZeneca a bhí i 33,634 díobh agus vacsaín Moderna a bhí i 4,947 díobh.

Daoine os cionn 85 bliain ab ea 13,783 den dream a raibh an chéad instealladh faighte acu faoin Satharn seo caite.