Tá roinnt bóithre i gCo Chorcaí faoi uisce ar maidin tar éis na fearthainne troime a thit sa réigiún i gcaitheamh na hoíche.

Tá tuilleadh báistí ar an mbealach agus measann Met Éireann go mbeidh sí chomh domhain le 80 milliméadar in áiteanna. Beidh luas suas le 100 ciliméadar san uair faoin ngaoth chomh maith. 

Tá fógra aimsire a bhfuil stádas flannbhuí leis eisithe do cheithre chontae i gCúige Mumhan - Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Tiobraid Árann. Mairfidh an fógra go dtí 9 a chlog anocht.

Tá fógra aimsire a bhfuil stádas buí leis a mhairfeas go dtí 6 a chlog tráthnóna eisithe don tír ar fad. 

Tá bacainní uisce curtha suas ar feadh na Dubhabhann i Mala agus i Mainistir Fhear Maí i gCo Chorcaí, agus tá caidéil curtha ag an gComhairle Contae chuig Beanntraí, Dún Mánmhaí, an Sciobairín, Droichead na Bandan agus Cloich na Coillte. 

Deir Comhairle Cathrach Chorcaí gur cosúil go sceithfidh an Laoi thar a bruacha ag tráthanna éagsúla inniu. Deir siad go bhfuil Óglaigh na hÉireann faoina réir agus go bhfuil málaí gainimh á gcur ar fáil acu don phobal.  

I gCo Chiarraí, níl ach ceann de lánaí bhóthar an N72 oscailte ag an bhFosadh idir Cill Airne agus Cill Orglain de bharr tuilte ansin. 

Tá Comhairle Contae Chiarraí ag cabhrú le daoine i gceantair a bhí buailte go dona ag tuilte cheana. 

I mBaile Átha Cliath, tá Bóthar Choill Tobair i dTamhlacht dúnta tar éis do chrainn titim ar dhá thaobh an bhealaigh.