Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 686 cás nua ann. 

Fágann sé seo go bhfuil 4,137 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 215,743 duine san iomlán ó thús na paindéime. 

Tá 726 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 156 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 278 de na 686 cás nua, tá 49 cás i Luimneach, 37 i gCill Dara, 32 i Lú, 31 i nDún na nGall agus tá an 259 cás eile roinnte idir na contaetha eile. 

Fógraíodh níos túisce inniu go bhfuil ceathrar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 187 cás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 2,036 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 111,166 duine ó thús na géarchéime.

Tá 339 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt, 140 acu in aonaid dianchúraim.