Gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag ar fhear 29 bliain d'aois faoina mháthair a mharú tar éis di a chuid drugaí a thógáil uaidh agus iad a dhó.
Bhí Celyn Eadon naoi mbliana déag d'aois nuair a sháigh sé a mháthair Noreen Kelly, 46 bliain, ina dteach cónaithe i nDoire Craobh, Oileán Éadaí, Co Mhaigh Eo, ar an 9 Márta 2011. Naoi n-uaire dhéag a sháigh sé í.
Phléadáil sé ciontach anuraidh i ndúnorgain a mháthar tar éis don Chúirt Uachtarach a chiontú ina dúnmharú a chur ar ceal roimhe sin. Rialaigh an Chúirt Uachtarach go raibh an ciontú fabhtach.
Dúírt an Breitheamh Michael White sa chúirt inniu go raibh an baol ann i gcónaí go n-imreodh Celyn Eadon foréigean ar dhaoine agus gur ar bhealach struchtúrtha a chaithfí é a scaoileadh saor nuair a thiocfas an t-am.
Dúirt an breitheamh freisin go gcaithfeadh na húdaráis maoirseacht a dhéanamh air nuair a bheas sé i measc an phobail arís.
D'ionsaigh Celyn Eadon oifigigh phríosúin ocht n-uaire ó cuireadh i gcoinneáil é.
D'iarr sé ar an mBreitheamh White cén uair a scaoilfí saor é ach dúirt an breitheamh leis gur faoin tseirbhís phríosúin a bhí sé cinneadh ar dháta.
Bhí Celyn Eadon ag ól agus ag tógáil drugaí ó bhí sé trí bliana déag - amfataimíní agus cócaon ina measc.