Tá fógra aimsire léidearnaí eisithe ag Met Éireann do roinnt ceantar i ndeisceart agus in iarthar na tíre. Fógra a bhfuil stádas buí leis atá i gceist. 

Is iad Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, an Mhumhain, Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach agus Dún na nGall a bheas buailte, mar a meastar go mbeidh luas suas le 110 ciliméadar san uair faoin ngaoth - nó os a chionn sin in áiteanna sceirdiúla.

Idir 9 a chlog anocht agus 6 a chlog ar maidin amárach is tréine a shéidfeas an ghaoth. 

Beidh coipeadh mór san fharraige sna limistéir sin freisin agus tonnfaidh sí isteach ar na cladaí. 

Ní thiocfaidh aon mhaolú ar an dóstacht i Leath Mhogha go dtí meán oíche Dé Céadaoin. 

Beidh fuarlaigh san áit a mbeidh frasa troma fearthainne. Cuirfidh aibhneacha thar maoil agus beidh roinnt bóithre faoi uisce.