Tá 128 eitleán 777 de chuid lucht Boeing á gcoimeád ar talamh fad is atá fiosrúchán bun faoi inneall a chuaigh trí thine ar cheann acu os cionn chathair Denver sna Stáit Aontaithe arú inné.

Bhí an t-eitleán ar an mbealach ó Denver go Honolulu i Haváí nuair a tharla an dóiteán.

Thit smionagar ón eitleán go talamh i mbruachbhaile i dtuaisceart Denver ach níor gortaíodh aon duine. Níor gortaíodh aon duine ar an eitleán ach an oiread.

An lá céanna, tharla taisme eile ar eitleán lastais de chuid Boeing san Ísiltír.

Smionagar ar dhíon cairr, Meerssen, An Ísiltír

Thit páirteana ó cheann d'innill an eitleáin 747-400 go luath tar éis di Aefort Maastricht in oirdheisceart na tíre a fhágáil.

Bhain mionghortuithe do bhean ar an talamh agus rinneadh damáiste do ghluaisteáin nuair a thit páirteanna miotail ón eitleán go talamh os cionn bhaile Meerssen.