Tá an fochoiste Rialtais maidir le Covid-19 ag teacht le chéile inniu le straitéis athbhreithnithe in aghaidh an ghalair sna míonna amach romhainn a phlé. Tá plean úr le foilsiú ag an Rialtas an tseachtain seo. 

Meastar go ndéanfar cinneadh inniu faoi scoileanna a oscailt arís de réir a chéile, ach caithfear an cheist a phlé ag cruinniú iomlán Rialtais amárach freisin. 

Leagfar amach sa straitéis nua cé na srianta a mhaolófar, ach mar gheall ar an neamhchinnteacht a bhaineann le Covid-19 ní dhéarfar cén uair go barainneach a mhaolófar iad. 

Mar sin féin, is mian leis an Rialtas roinnt daltaí scoile a thabhairt ar ais ar scoil gan mhoill.

Tá sé i gceist scoláirí Ardteistiméireachta, naíonáin bheaga, naíonáin mhóra, agus Rang 1 agus 2 sa bhunscoil a thabhairt ar ais Dé Luain seo chugainn. 

Siúd is go bhfuil sé tugtha le fios ag an Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil tada greanta i gcloch, táthar den bharúil nach maolófar formhór na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair go dtí mí na Bealtaine. 

Tuigtear go bhféadfaí mionleasú nó dhó a dhéanamh orthu idir an lá linn, más inrásta sin. 

Is cosúil go gcuirfidh an Rialtas síneadh ama go dtí deireadh an Mheithimh leis an íocaíocht speisialta dífhostaíochta agus le tacaíochtaí airgeadais do lucht gnó, go háirithe san earnáil fáilteachais. 

Dhearbhaigh an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee chomh maith go mbeidh reachtaíocht maidir le coraintín éigeantach réitithe faoi cheann coicíse. 

Thug sí le fios nach féidir dlíthe den sórt seo a thabhairt isteach faoi dhriopás agus nach fóláir a bheith fíorchúramach i dtaca le cearta agus saoirsí sibhialta daoine de. 

Meastar go bhfaighidh thart ar 100,000 duine sa Stát an vacsaín in aghaidh Covid-19 an tseachtain seo 

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil an tír seo le milliún dáileog de na vacsaíní éagsúla a fháil gach mí ar feadh trí mhí ón Aibreán i leith.