Fógraíodh tráthnóna go bhfuil 28 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 763 cás nua ann. 

Fágann sé seo go bhfuil 4,109 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 213,400 duine san iomlán ó thús na paindéime. 

Tá 754 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 151 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 251 de na 763 cás nua, tá 84 cás i nGaillimh, 57 i gCill Dara, 47 i Luimneach, 42 i bPort Láirge agus tá an 282 cás eile roinnte idir na contaetha eile.

Dearbhaíodh níos túisce inniu go bhfuil cúigear eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 313 cás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 2,026 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 110,440 duine ó thús na géarchéime.

Tá 403 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt, 49 acu in aonaid dianchúraim.