Tá sé deimhnithe ag an Tánaiste Leo Varadkar go n-osclófar scoileana agus ionaid chúraim leanaí de réir a chéile an mhí seo chugainn agus go bhfanfaidh láithreacha tógála agus seirbhísí eile dúnta.  

Thug sé le fios go mbeidh srianta Leibhéal 5 fós i bhfeidhm san Aibreán agus d'iarr sé ar dhaoine a míle dícheall a dhéanamh broic leis an saol mar atá go fóill.

Dúirt Leo Varadkar gur chomhairligh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí don Rialtas inné go bhféadfaí scoileanna agus ionaid chúraim leanaí a oscailt arís i mí an Mhárta agus i ndiaidh na Cásca ach go raibh sé róchontúirteach fós láithreacha tógála a oscailt. 

Dúirt an Tánaiste freisin go gcuirfear dlús leis an gclár náisiúnta vacsaínithe agus go dtabharfar tosaíocht gan mhoill do dhaoine faoi bhun 70 bliain a bhfuil deacrachtaí sláinte acu.  

Cháin ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald an Taoiseach Micheál Martin as tabhairt le fios in agallamh nuachtáin go gcuirfí síneadh ama leis na srianta dochta Covid-19 atá i bhfeidhm faoi láthair. 

Mhaígh sí go bhfuil an méid a bhí le rá aige tar éis cur go mór leis an anró agus an strus atá daoine a fhulaingt.