Dúirt Teachta Dála Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh a fhios aige go luath tar éis na hócáide conspóidí ar fhreastail sé air i gCo na Gaillimhe anuraidh go mbeadh air éirí as mar Aire Rialtais.

Dúirt sé gur dearmad an-mhór a bhí ann freastal ar an dinnéar a d'eagraigh Cumann Gailf an Oireachtais in óstán ar an gClochán i mí Lúnasa anuraidh tráth a bhí srianta Covid-19 i bhfeidhm.  

Bhí Dara Calleary ceaptha ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ag an Taoiseach Micheál Martin an mhí roimhe sin. 

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Dara Calleary murar éirigh sé as a phost ag an am go dtabharfadh sin le fios nár ghlac sé le tromchúis an dearmaid a bhí déanta aige ná leis an gcaoi ar ghoill sé ar dhaoine. 

Mhaígh sé go bhfuil daoine gortaithe agus feargach i gcónaí faoin dearmad a rinne sé, sé mhí ina dhiaidh. 

Dúirt sé gurb é féin agus an Taoiseach in éineacht a rinne an cinneadh go n-éireodh sé as a chúraimí mar Aire Talmhaíochta.

Thug Dara Calleary le fios freisin gur mhian leis an deis a fháil arís a bheith ina Aire Rialtais.