Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis siúd is go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le Covid-19 a chloí sa tír seo gur cosúil go bhfuil líon na gcásanna den ghalar agus líon na n-othar sna hospidéil seasmhach i gcónaí agus go deimhin ró-ard fós.

Thug an Dr Rónán Glynn le fios gur léir go mbeidh tamall eile fós ann sula dtitfidh na figiúirí seo. 

Dúirt sé go bhfuil an t-athraitheach ar an gcoróinvíreas a tugadh faoi deara i dtosach in oirdheisceart Shasana i dtús mhí na Nollag agus a dtugtar B117 air, go bhfuil sé ag cur moill ar an dul chun cinn sna hiarrachtaí Covid-19 a fhorcheansú.

Dheimhnigh an Dr Glynn gurb é an t-athraitheach seo faoi deara 90% de chásanna nua den ghalar sa tír seo. 

D'achainigh sé ar dhaoine a bheith thar a bheith faichilleach as seo go ceann roinnt seachtainí. 

Thug an tAire Leanaí Roderic O'Gorman le fios go bhfuil an Rialtas ag breathnú ar na páistí is óige a thabhairt ar ais ar scoil ar an 1 Márta.  

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an tAire O'Gorman go bhféadfaí ranganna eile bunscoile a thabhairt ar ais coicís tar a éis sin. 

Dúirt sé freisin go gcreideann sé go mbeidh an chuid is mó de dhaltaí dara leibhéal ag dul ar ais ar scoil i ndiaidh shaoire na Cásca.