Dúirt oifigeach sinsearach sa Gharda Síochána go dtugann an lear mór cócaoin a fuarthas i Rinn an Scidígh, Co Chorcaí, inné léargas maith ar an margadh drugaí in Éirinn.
Fuarthas luach €12 milliún den druga i gcoimeádáin ar long a tháinig as Meiriceá Láir.
Dúirt an Coimisinéir Cúnta John O'Driscoll gur iomaí acmhainn atá ag na Gardaí chun dul i ngleic le mangaireacht idirnáisiúnta drugaí den sórt seo - idir a gcuid faisnéise féin, scotháiseanna teicneolaíochta lucht custaim agus cúnamh ó na húdaráis i dtíortha eile.
Mhaígh sé go bhfuil sé an-deacair teacht ar lastas drugaí i measc na gcoimeadán loinge ar fad a thagann go calafort mór gach lá agus nach bhfuil aon inseacht ar an mionchíorláil a chaithfear a dhéanamh.
Thug an Coimisinéir Cúnta le fios chomh maith go mb'fhéidir go raibh na drugaí a fuarthas i Rinn an Scidígh le dáileadh in Éirinn, sa Bhreatain agus níos faide amach.