Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go bhfuil súil ag an Rialtas trí mhilliún dáileog de na vacsaíní in aghaidh Covid-19 a fháil sa dara ráithe den bhliain. 

Sin trí oiread an mhéid a bheas faighte faoi dheireadh na chéad ráithe. 

Tá sé dearbhaithe go bhfuil 166,000 dáileog den vacsaín tugtha d'oibrithe cúraim shláinte go nuige seo agus go bhfuil laghdú mór tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 san earnáil sin le gairid.

Trí seachtaine ó shin, b'oibrithe sláinte 13% de na cásanna seachtainiúla sa Stát ach faoi dheireadh na seachtaine seo caite bhí sé sin tite go dtí 5%.

Mná ab ea 75% den na hoibrithe sláinte a tholg an galar ó thús na paindéime, ach ó tharla go bhfuil an vacsaín faighte ag a lán acu tá níos mó fear trí chéile á tholgadh ar bhonn laethúil anois. 

Fógraíodh ar maidin go bhfuil 765 othar Covid-19 in ospidéil na tíre, sin laghdú 66 ó inné. Tá 151 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos lú ná inné.

Is i Muineachán, in Uíbh Fhailí, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh atá an ráta Covid-19 is airde sa Stát agus is i gCo an Chláir, i Ros Comáin, i gCill Chainnigh agus i gCiarraí atá an ráta is ísle.