Tá scrúdú iarbháis le déanamh inniu ag an Leas-Phaiteolaí Stáit an Dr Margot Bolster ar chorp mná 72 bliain d'aois a fuarthas i ngluaisteán a bhí trí thine in aice Dhun ar Aill i dtuaisceart Chorcaí inné.

Fuarthas corp Mary O'Keeffe, arbh as Drom Átháin in aice Mhala í, sa ghluaisteán i gcoillearnach in Áth na Cise ag thart ar 4.30 tráthnóna inné.

Thug na Gardaí fear as abhainn gar don láthair agus cuireadh cóir leighis ar an mball air.

Tugadh an fear chun an ospidéil, áit a deirtear go bhfuil sé ag teacht chuige féin. 

Tuigtear go raibh aithne ag an bhfear, atá os cionn 60 bliain, ar Mary O'Keeffe agus gurb as Co Luimnigh é. 

Tá scrúdú le déanamh inniu ar an ngluaisteán ina bhfuarthas an corp agus ar ghluaisteán eile a fuarthas in aice láithreach.

Níor ghabh na Gardaí aon duine agus tuigtear nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine.