Tá bás mná a bhfuarthas a corp i ngluaisteán i dtuaisceart Chorcaí á fhiosrú ag Gardaí ansin.

Fuarthas corp na mná, a bhí os cionn 70 bliain, sa ghluaisteán a bhí trí thine in aice Dhun ar Aill ag thart ar 4.30 tráthnóna. 

Thug na Gardaí fear as abhainn gar don láthair agus cuireadh cóir leighis ar an mball air. 

Tugadh é chun an ospidéil, áit a ndeirtear go bhfuil sé go dona tinn. 

Níor ghabh na Gardaí aon duine agus tuigtear nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine.