Dúírt an Feisire Eorpach Sean kelly  go ndearna Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh 'botún an-mhór' faoi fheidhmiú Alt 16 de Phrótacal an Tuaiscirt.

'Tá súil agam go bhfoghlaimeoidh Ursula von der Leyen as seo' a dúirt sé.

Dúirt an Feisire Fine Gaelach go raibh 'damáiste déanta' dá réir.

Bhí sé ag labhairt ar an gclár raidió Nuacht a 1 le RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna.

Dúirt sé go mbeadh ceisteanna á gcur ar Frau von der Leyen nuair a bheadh sí os comhair Pharlaimint na hEorpa an chéad uair eile, seans 'an tseachtain seo chugainn' mar a dúirt sé.

Ní mó ná sásta atá an Feisire Sean Kelly leis an Uachtarán von der Leyen (thuas)

Nuair a fiafraíodh dó an raibh muinín aige as Ursula von der Leyen mar Uachtarán ar an gCoimisiún dúirt sé go gcreideann sé i 'seans a thabhairt' do dhuine 'teacht ar ais' i ndiaidh botúin.

Ach 'má tharlaíonn botún eile bheadh deacrachtaí ann, ní hamháin di féin ach don choláiste uilig sa Choimisiún' a dúirt Sean kelly.

Thug sé le fios go bhféadfadh sé tarlú go gcaithfeadh sí éirí as oifig dá dtarlódh 'botún' eile dá léithid seo.

'Tá neart de lucht a cáinte thall san Eoraip' a dúirt Iar-Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael san agallamh leis an láithreoir, Bríd Ní Chualáin, agus 'bhí go leor in amhras fúithi a bheith ina hUachtarán ar an gCoimisiún mar ní raibh sí riamh ina Príomh Aire ar thír'.

'Tá sé an-ait' a dúirt sé 'gur cosúil nach ndeachaigh sí i gcomhar leis an gCoimisinéir Éireannach Mairéad McGuinness' i dtaca leis an gcinneadh seo Dé hAoine seo caite.

'Ní dhéanfadh Jean Claude Juncker ná Michel Barnier a léithid seo de bhotún, a dúirt an feisire, toisc go mbíonn siad 'ag éisteacht'.