skip to main content

Coup míleata i Maenmar cáinte ag an Rialtas anseo

Coup míleata i Maenmar
Coup míleata i Maenmar

Tá an Rialtas tar éis an coup míleata i Maenmar a cháineadh go láidir.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney go bhfuil an coup 'frithdhaonlathach' agus 'gur chóir dul siar air láithreach'.

Ar an gclár raidió de chuid RTÉ, 'Today with Claire Byrne', dúirt an tAire go dtugann an coup an tír ar ais ag na laethanta roimh 2011.

Tá an t-arm i Maenmar tar éis seilbh a ghlacadh ar riaradh na tíre, agus an ceannaire polaitiúil, Aung San Suu Kyi, á coinneáil acu.

Aung San Suu Kyi, a raibh an tír á rith aici go daonlathach ó 2011, go dtí maidin inniu

Deir an t-arm go bhfuil an toghchán deiridh a reachtáileadh sa tír anuraidh, 'lochtach'.

Deir sé go bhfuil staid éigeandála fógraithe sa tír 'go ceann tamaill' ach níor thug sé aon leide maidir le cén uair a thiocfadh deiridh leis, agus go reachtáilfí toghchán nua.

An Ceannasaí Airm i Maenmar, Min Aung Hlaing a bhfuil seilbh na tíre anois aige

Tá beartas an airm cáinte freisin ag Ard Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, ag iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm toil na ndaoine mar a léiríodh é sa toghchán ansin i mí na Samhna 2020.

Dúirt Stát Rúnaí Mheiriceá, Anthony Blinken gur cheart don arm deireadh a chur leis an coup seo, agus ligean don daonlathas ansin.

Bhagair Rialtas na Stát Aontaithe go bhféadfadh sé go dtabharfaí aghaidh ar an dream seo a bhí freagach as an coup i Maenmar.