Ó 11 Eanáir, tá 1,500 fineáil gearrtha ar dhaoine as turais nach bhfuil riachtanach a dhéanamh. Tugadh isteach na fineálacha beagnach coicís ó shin.

Tá fainic curtha ar an bpobal ag na Gardaí nach turas riachtanach é turas chuig an aerfort nó an calafort, sa gcás go bhfuil duine ag dul ansin le dul ar saoire. 

I ráiteas a d'eisigh an Garda Síochána inniu, chuir siad i gcuimhne don phobal go bhfuil pointí seiceála ar fud na tíre chun tacú leis na húdaráis sláinte ina n-iarrachtaí dul i ngleic le leathadh Covid 19.

Chuir siad i gcuimhne don phobal arís nach bhfuil cead acu taistil níos faide ná cúig chiliméadar ón mbaile agus go gcaithfear aclaíocht a ghlacadh taobh istigh de na teorainneacha sin freisin. 

Chuir siad in iúl don phobal sa ráiteas freisin go ngearrfar fineáil ar gach duine i ngluaisteán sa gcás go bhfuil sárú á dhéanamh ar na srianta, ní hamháin an tiománaí. Agus go ngearrfar fineálacha ar gach duine i ngrúpa rothaíochta nó reatha, mar shampla, atá taobh amuigh den teorainn cúig chiliméadar.