D'éirigh idir na poilíní agus daoine a bhí i mbun agóide i gcoinne srianta Covid 19 inné san Ísletír. Bhí caismirtí eatarthu agus chuathas i mbun creachadóireachta sna cathracha ar fud na tíre.

D'úsáid na poilíní in Amstardam gunnaí móra uisce agus madraí le linn dóibh a bheith ag iarraidh smacht a fháil ar na caismirtí. 

Bhain an t-aighneas le cuirfiú atá fógartha san Ísletír a bheas i bhfeidhm go dtí 10 Feabhra. Seo é an chéad uair ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann go bhfuil cuirfiú i bhfeidhm san Ísletír. 

Sa gcathair Eindhoven i ndeisceart na tíre, scaoileadh deorghás leis na sluaite. Gabhadh tríocha duine. Cuireadh feithiclí trí thine agus rinneadh creachadh ar ghnónna ag príomh-stáisiún traenach na cathrach. 

Cuireadh ionad tástála Covid 19 trí thine de Sathairn in Urk i dtuaisceart na tíre.

Bíonn cuirfiú i bhfeidhm san Ísletír idir 9pm agus 4:30am. Gearrtar €95 ar dhaoine a sháraíonn an cuirfiú sin. Is féidir díolúine a fháil le freastal ar shochraid nó ar obair, ach caithfear fianaise a chur ar fáil lena chruthú go bhfuil cúis mhaith ag duine a bheith amuigh.